Macbeth (dráma)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ealaíona TaibhiúcháinMacbeth

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar drámaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
ÚdarWilliam Shakespeare Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaNua-Bhéarla Moch agus Béarla Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1606 Cuir in eagar ar Wikidata
Seánratraigéide Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomh5 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe1623 Cuir in eagar ar Wikidata
Personatges
CarachtairKing Duncan (en) Aistrigh, Macbeth (en) Aistrigh, Lady Macbeth (en) Aistrigh, Banquo (en) Aistrigh, Macduff (en) Aistrigh, Lady Macduff (en) Aistrigh, Macduff's son (en) Aistrigh, Siward, Earl of Northumbria (en) Aistrigh, Young Siward (en) Aistrigh, Fleance (en) Aistrigh, Three Witches (en) Aistrigh, Malcolm (en) Aistrigh, Donalbain (en) Aistrigh, Ross (en) Aistrigh, Lennox (en) Aistrigh, Angus (en) Aistrigh, Menteith (en) Aistrigh, Caithness (en) Aistrigh, Seyton (en) Aistrigh, Hecate (en) Aistrigh, Captain (en) Aistrigh, Murderer Ι (en) Aistrigh, Murderer ΙΙ (en) Aistrigh, Murderer ΙΙΙ (en) Aistrigh, Porter (en) Aistrigh, Doctor Ι (en) Aistrigh, Doctor ΙI (en) Aistrigh agus Gentlewoman (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Aitheantóir Theatricaliac0k agus t Cuir in eagar ar Wikidata
IBDB: 5681
Musicbrainz: c1a270c1-d7f3-4f92-a9e2-9de04bacef61 Cuir in eagar ar Wikidata
An t-aisteoir Charles Kean i bpáirt Macbeth sa bhliain 1858

Is dráma traigéide leis an ndrámadóir clúiteach Sasanach, William Shakespeare, é Macbeth. Is é an traigéide is giorra agus is fuiltí dá chuid. Bhunaigh Shakespeare plota Macbeth go garbh ar stairiúil na hAlban, de réir an chuntais a thug Raphael Holinshed ar a shaol. Aithnítear go forleathan, áfach, go scinneann scéal an dráma i bhfad ón bhfírinne stairiúil.

Dátú an Dráma[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní féidir a rá cén t-am go beacht a scríobhadh Macbeth, ós rud é gurb iomaí athrú agus leasú a rinne Shakespeare ar an téacs i ndiaidh an chéad leagan. Is iomaí saineolaí a shíleann gur chum an t-údar sna blianta 1603-1606 é, a bheag nó a mhór. Tá an chuma ar an scéal go raibh an dráma ceaptha le corónú an Rí Séamus a hAon a cheiliúradh, sa bhliain 1603 - ba de shliocht Banquo an Rí Séamus, de réir mar a chreid sé féin, ar a laghad - agus mar sin, is dócha nár cumadh an dráma roimh an mbliain sin. Tá siad ann freisin ar dóigh leo gur sa bhliain 1605 nó 1606 a tháinig Macbeth ar pár, ó aithníonn siad tagairtí do Chomhcheilg an Phúdair agus do na próiseanna dlí ina diaidh.

Na Pearsana[cuir in eagar | athraigh foinse]

Macbeth - Póstaer t.1884
  • Duncan - Rí na hAlban.
  • Malcolm - an mac is sine ag Duncan.
  • Donalbain - an mac is óige ag Duncan.
  • Macbeth - ginearál in arm an Rí Duncan. Tá sé ina thaen ar Glamis.
  • Lady Macbeth - bean chéile Macbeth.
  • Banquo - cara le Macbeth, ginearál eile in arm an Rí Duncan.
  • Fleance - mac Banquo.
  • Macduff - an Taen ar Fhìobh.
  • Lady Macduff - bean chéile Macduff.
  • Mac Macduff.
  • Lennox - tiarna Albanach.
  • Ross - tiarna Albanach.
  • Angus - tiarna Albanach.
  • Mentieth - tiarna Albanach.
  • Caithness - tiarna Albanach.
  • Siward - Iarla Northumberland, ginearál na bhfórsaí Sasanacha.
  • Siward Óg - mac Siward.
  • Seyton - searbhónta.
  • Hecate - príomh-bhandraoi, bandia na draíodóireachta.
  • Triúr bandraoithe
  • Triúr dúnmharfóirí
  • Timire, nó Teachtaire
  • Dochtúir Sasanach
  • Dochtúir Albanach

Leagan Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1925, d'fhoilsigh an Gúm leagan Gaeilge den dráma seo. S. Labhrás Ó Súilleabháin a d'aistrigh go Gaeilge é. Ní raibh an t-aistriúchán seo ar fáil le fada, ach sa bhliain 2007, tháinig leagan nua i gcló ó Choiscéim faoin teideal Traigéide Mhic Bheatha, agus é réitithe don fhoilsiú ag Nicholas Williams (féach thíos). D'fhéach Williams le hainmneacha na gcarachtar a Ghaelú, nó i ndiaidh an iomláin, tá an scéal suite in Albain nuair a bhí i bhfad níos mó Gaeilge (nó Gàidhlig) á labhairt sa tír sin ná Béarla (nó Albainis). Ainmneacha ab ea na bunleaganacha féin ar féidir an bunús Gaelach a aithint orthu faoi bhréagriocht an Bhéarla. Seo mar a d'ath-Ghaelaigh Williams cuid de na hainmneacha:

  • Macbeth -> Mac Bheatha
  • Duncan -> Donnchadh
  • Malcolm -> Calum
  • Macduff -> Mac Duibh
  • Lennox -> Leamhanach
  • Banquo -> Bánchú

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]