MV Rachel Corrie

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An MV Rachel Corrie

Is cóstóir 499GT faoi úinéireacht agus faoi oibriú chraobh na hÉireann den Ghluaiseacht Shaoirse Gaza é an MV Rachel Corrie. Ainmníodh an long in onóir do Rachel Corrie, iarbhall de chuid Ghluaiseacht na Dlúthpháirtíochta Idirnáisiúnta (GDI). Brúdh chun báis í le hollscartaire D9 de chuid Fórsaí Cosanta Iosrael (FCI) nuair a bhí sí ar leathghlúin os comhair tigh Palaistíneach áitiúil. Bhí sí ag gníomhú mar sciath dhaonna, ag iarraidh cosc a chur ar fhórsaí Iosrael an teach a scartáil.

Carsten an t-ainm a bhí air ar dtús báire agus bhí an hainmneacha Norasia Attika agus Manya air freisin ina dhiaidh sin. Idircheap Fórsaí Cosanta Iosrael an long ar an 5 Meitheamh 2010, timpeall 55 ciliméadar ó Ghaza, nuair a bhí sí ag déanamh iarracht cabhrach a thabhairt i dtír sa chuid sin de chríoch na Palaistíne. Páirtmaoinigh an eagraíocht Mhalaeisiach, an Perdana Global Peace Organization an feachtas.

[athraigh] Naisc sheachracha

Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile