Músaem na bPáistí, Indianapolis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Músaem na bPáistí, Indianapolis
Íomhá
Sonraí
CineálMúsaem
Foirgníocht1925 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na hoscailte oifigiúla1925 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinIndianapolis, Indiana
Map
 39°49′N 86°10′W / 39.81°N 86.16°W / 39.81; -86.16
Gníomhaíocht
Cuairteoirí in aghaidh na bliana1,000,000
Suíomh gréasáin oifigiúilchildrensmuseum.org
Facebook: childrensmuseum Twitter: TCMIndy Instagram: childrensmuseum Cuir in eagar ar Wikidata

Músaem do pháistí in Indianapolis, Indiana, sna Stáit Aontaithe, is ea Músaem na bPáistí, Indianapolis (Béarla: Indianapolis Children's Museum). An músaem do pháistí is mó ar Domhan atá ann. Bunaíodh sa bhliain 1925 é. Tá gnáthóg insamhlaithe Cailceach, carousel, agus inneall gail traenach ann. Cuireann an músaem fócas ar fhoghlaimeoireacht teaghlaigh agus ar mhodhanna teagaisc idirghníomhach. Fostaíonn an músaem 400 duine gan trácht ar 1,500 duine a bhíonn páirteach ann go deonach.

Tá trí phríomhréimse ag an músaem, mar atá an Bailiúchán Meiriceánach, an Bailiúchán Cultúrtha Domhanda, agus Bailiúchán an Dúlra.

Mary Stewart Carey, úinéir rachmasach an Stewart-Carey Glass Company in Indianapolis, a rinne an músaem a bhunú i ndiaidh cuairt a thabhairt ar Mhúsaem na bPáistí, Brooklyn, sa bhliain 1924. Is é an músaem aicise an ceathrú ceann le haghaidh páistí ar domhan.

Nascanna seachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]