Múchóg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda bliantúil nó ilbhliantúil, seadánach, gan chlóraifill. Ní bhíonn feiceálach os cionn talún ach na spící tiubha bláthaithe. Na duilleoga laghdaithe ina lanna, na bláthanna déliopach i bhfaondathanna, donn den chuid is mó. Dúchasach do réigiúin theo mheasartha sa Seandomhan. Faigheann sí gach bia trí dhiúláin, ceangailte le fréamhacha an óstaigh. I measc na n-óstach bíonn eidhneán, giolcach sléibhe, nóinín agus cuid mhaith eile. Mar sin féin, bíonn an chuid is mó de na múchóga sainiúil d'óstach amháin nó beagán óstach.