Mótarbhádóireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Mótarbhád

Caitheamh aimsire is spórt ina dtaistealaítear thar uisce i soitheach atá fuinnmhithe le hinneall. Raon mór soitheach i gceist. Tá soithigh bheaga phearsanta a seasann duine air nó a suíonn sé ar scaradh gabhail air. Ag an gceann eile den raon tá mótarluaimh os cionn 100 m ar fhad. Fuinnmhítear a leithéid le hinneall (inneall díosail de ghnáth) atá folaithe taobh istigh den soitheach, nó inneall peitril 2 nó 4 bhuille taobh amuigh ar an soitheach. Tiomáineann na hinnill liáin nó, go minic i mbáid nua-aoiseacha, scairdeanna uisce faoi ardbhrú. I soithigh aeridinimiciúla is hidridinimiciúla a úsáidtear i rásaí mótarbhádóireachta, is féidir suas le 300 km san uair a bhaint amach. Tá rásaí mótarbhádóireachta ar siúl le níos mó ná 100 bliain.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Mótarbhádóireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 471.