Móitéit

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Píosa ceoil eaglasta, ilfónach gan tionlacan, a thosaigh sa 13ú céad is a lean ar feadh na hAthbheochana, ag sroicheadh buaicphointe i gcumadóireacht Desprez, Lassus, Palestrina is Byrd. Cuireadh tionlacan leo i ndiaidh 1600, go príomha i saothar Marc-Antoine Charpentier (1634-1704) sa bhFrainc, ach ba shaothair eaglasta as Laidin iad fós seachas cantáidí is aintiúin sa teanga dhúchais. Chum Bach is Brahms móitéití ina dteanga dhúchais gan tionlacan neamhspleách, áfach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Móitéit". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 467.