Bailín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Míolchnámh)
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtBailín
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/whalebone
Téarmaíocht anatamaíoch


Béal na míolta móra bailíneacha

Is éard is bailín ann ná córas scagbheathaithe taobh istigh de bhéil na míolta móra bailíneacha. Chun bailín a úsáid, osclaíonn an míol mór a bhéal ar dtús chun uisce a ghlacadh isteach. Ansin brúnn an míol mór an t-uisce amach, agus scagann an míol mór ainmhithe ar nós na gcrilleanna, agus fanann siad mar fhoinse bia don míol mór. Tá bailíní cosúil le guairí agus tá ceiritin ann, an tsubstaint chéanna a fhaightear in ingne, craiceann agus gruaig an duine. Is díorthach craicinn é bailín. I roinnt míolta móra, amhail an míol mór ceann bogha (Balaena mysticetus), bíonntá bailíní níos faide ná a chéile acu. Ní úsáideann míolta móra eile, cosúil leis an míol mór glas (Eschrichtius robustus), ach taobh amháin dá gcuid bailín. Socraítear na guairí bailíneacha seo i bplátaí trasna giall uachtarach na míolta móra.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]