Míochaine choisctheach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Brainse de chleachtadh na míochaine atá dírithe ar ghalair a chosc. Déantar é seo trí raon gníomhartha: an comhshaol a rialú, mar shampla le reachtaíocht chun an t-aer a choinneáil glan, is córais séarachais a chur isteach; soláthar cuí bia is uisce shláin a chur ar fail; imdhíonuithe a chur chun cinn i measc an phobail le vacsaíní; scéimeanna a eagrú chun galair a dhíothú (mar shampla, an eitinn, an bholgach, an diftéire); stíleanna beatha níos sláintiúla a chur chun cinn, trí oideachas den chuid is mó (mar shampla, caitheamh tobac a laghdú chun ailse scamhóg a laghdú, úsáid coiscíní chun SEIF a sheachaint, galair cheirde a sheachaint).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Míochaine choisctheach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 459.