Mífheidhmiú adhairce
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is mífheidhmiú adhairce an t-éagumas fireann a tharlaíonn de bharr easpa adhairce a bheith ar fhear, toisc go dteipeann ar fhíochán an bhoid cruachan agus at. Is éard is cúis leis an gcruachan an fíochán a líonadh le fuil mar a líonfadh spúinse, i dtreo gurb ionann an fhuil agus sreabhán hiodrálachais. Spreagadh collaí a chuireann tús leis an líonadh sin, spreagadh a sheolann teachtaireacht ón inchinn chuig néaróga san pheilbheas.
Is iomaí cúis atá leis an mífheidhmiú. Ag seo cuid de na cúiseanna is tábhachtaí:
- Galracha cardashoithíocha agus diaibéiteas
- Fadhbanna néareolaíocha (mar shampla, an dochar a rinne próstaiteachtóime)
- Easpa hormón agus na hiarsmaí is féidir a bheith ann de dheasca cógais áirithe.