Mícheál Breathnach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMícheál Breathnach
Beathaisnéis
Breith16 Meán Fómhair 1881
Bás28 Meán Fómhair 1908
27 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Sailearna Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, aistritheoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Rugadh Mícheál Breathnach (1881-1908) ar an Lochán Beag i gCois Fharraige ar 16ú Meán Fómhair 1881. Bhí sé ar dhuine den dream a chuir beocht i scríbhneoireacht na Gaeilge le linn na hAthbheochana.[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh sé ar scoil an Chnoic, áit ar fhoghlaim sé Béarla agus a raibh sé ina chúntóir ina diaidh sin. Nuair a bhí sé fiche bliain d’aois fuair sé post mar rúnaí ar Chraobh Londan de Chonradh na Gaeilge. Scríobh sé aistí do An Claidheamh Soluis, agus d'fhoilsigh sé Cuan na Mara agus a Mhuintir in Irisleabhar na Gaeilge, aiste a bhain duais Oireachtais amach sa mbliain 1903. Ceithre bliana a chaith sé i Londain, áit a raibh ranganna Gaeilge ar siúl aige agus é gnóthach in imeachtaí an Chonartha.

Nuair a d'fhág sé Londain fuair sé post mar Ard-Ollamh i gColáiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh, Contae Mhaigh Eo. Chuir sé aithne ar Cholm Ó Gaora, a bhí ina mhúinteoir taistil le Conradh na Gaeilge ag an am.

Bhí an eitinn ar an mBreathnach faoin am sin. Bhíodh sé ag triall ar an Eilvéis ar mhaithe lena shláinte, agus rinne sé cur síos ar an tír sin i roinnt aistí a foilsíodh ar An Claidheamh Soluis agus ansin faoin teideal Seilg i Measc na nAlp. Níor fheabhsaigh a shláinte agus bhí air cur faoi i dteach altranais i mBaile Átha Cliath. Fuair sé bás ansin i Mí Dheireadh Fómhair na bliana 1908. Tá sé curtha i reilig an Chnoic ina cheantar dúchais.

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhoilsigh an Breathnach go leor filíochta ar na hirisí Gaeilge. Chuir sé Gaeilge ar Knocknagow, leabhar le Charles Kickham, thart ar 1905, aistriúchán ar foilsíodh cuid de sa mbliain 1906 agus an chuid eile tar éis a bháis. D'fhoilsigh Conradh na Gaeilge Stair na hÉireann sa mbliain 1906.

Seacht mbliana fichead a bhí Mícheál Breathnach nuair a fuair sé bás anabaí sa mbliain 1908. Bhain a bhás siar as a chairde go léir, agus mar chomóradh ar a shaol agus ar a shaothar chuir siad cuid dá chuid scríbhinní i dtoll a chéile i bhfoirm leabhair, a foilsíodh sa mbliain 1913. .[2]

Sa mbliain 1980 chuir Seosamh Ó Braonáin leagan nua de Seilg i Measc na nAlp amach sa litriú caighdeánach.

Bhí clár cuimhneacháin i dtaobh an Bhreathnaigh ar Raidió na Gaeltachta sa mbliain 1981, céad bliain tar éis a bhreithe.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “BREATHNACH, Micheál (1881–1908) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. "Mícheál Breathnach: Scríbhinní | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-10-22. Dáta rochtana: 2019-09-28.