Míceiteóma

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Mais neamhphianmhar a tharlaíonn de bharr ionfhabhtaithe fhungasaigh agus a tháirgtear nuair a fhásann an fungas taobh istigh den cholainn, ag éirí stothallach le fíocháin na colainne. Is féidir le fungais cosúil le Actinomyces fáil isteach sa cholainn trí ghortú sa chraiceann. De ghnáth bíonn an lot ar na cosa, agus tugtar cos Madura ar an riocht. Is féidir go mbeidh easpaí ainsealacha doimhne ann agus sileadh bracha. Tá fungas eile ann, Aspergillus, ar féidir leis fás sna scamhóga i gcuasa a fhágtar ag an eitinn.