Iúil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Mí Iúil)
<<   Iúil   >>
Lu Ao Sa Do
1 2 3 4 5 6 7
8 9 10 11 12 13 14
15 16 17 18 19 20 21
22 23 24 25 26 27 28
29 30 31
2024
Laethanta na bliana go léir
Mí Iúil, Féilire i 1260

Is í Mí Iúil an seachtú den bhliain. Úsáidtear an leagan Béarla d'ainm na míosa go forleathan sna canúintí, agus is minic a thugtar July an Chabáiste ar Mhí Iúil fosta, ó nuair a bhí drochbhliain ann, ní bhíodh le hithe ag na daoine bochta ach cabáiste, sula n-aibíodh na prátaí i Mí Lúnasa.

Fuair an mhí a hainm ón Impire Rómhánach Iúl Caesar, a thug isteach féilire nua, Féilire Iúil, lena linn. In Éirinn is í seo an tríú mí den samhradh.

Tá a laethanta náisiúnta ag dhá cheann de na tíortha is cumhachtaí ar domhan i mí Iúil, an 4ú lá ag Stáit Aontaithe Mheiriceá a cheiliúrann Fógra na Saoirse, agus an 14ú lá ag an bhFrainc, Lá an Bastille.

Cuireadh Cath na Bóinne ar an 12 Iúil 1690, nuair a rug an tÍsiltíreach Liam, a raibh coróin na Breataine bronnta air ag an bParlaimint, bua ar an Rí Séamus II, agus ceiliúrann an tOrd Oráisteach an lá sin gach bliain.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]