Mí-dhíleá

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Pian nó míchompord sa stéig uachtarach a bhaineann le hithe. Tinneas an-choiteann, agus is féidir é a bhrostú tríd an iomarca a ithe, nó bianna ar leith cosúil le spíosraí, bianna friochta nó alcól a ionghabháil. Den chuid is mó ní bhíonn aon ghalar orgánach soiléirithe ag na daoine a mbíonn an riocht orthu, bíodh is go mb'fhéidir go mbeidh siad imníoch is faoi strus. Is féidir leigheas a fháil le frithaigéad a thógáil. I mionlach de na cásanna bíonn galar orgánach éigin taobh thiar den riocht, othras peipteach go háirithe.