Máire Mullarney

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMáire Mullarney
Beathaisnéis
Breith1 Meán Fómhair 1921
Bás18 Lúnasa 2008
86 bliana d'aois
Gníomhaíocht
GairmEasparantóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaEsperanto

Ba chomhshaolaí Éireannach í Máire Mullarney (née McCormick) (1 Meán Fómhair 1921-18 Lúnasa 2008), a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí an Chomhaontais Ghlais.[1]

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh i mBaile Átha Cliath í agus bhog sí lena muintir go Giobráltar, nuair a bhí sí an-óg, áit a raibh a hathair mar Ard-Mháistir Poist. D'fhill sí ar Éirinn i 1942 agus oileadh mar altra í in Ospidéal Shráid Bhagóid agus cháiligh sé mar theirpeoir chomh maith.

Saothar a Saoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba ghníomhaí Esperanto í chomh maith agus scríobh sí leabhar ar fhorbairt agus cur chun cinn na teanga sin, darb ainm Esperanto for Hope, i 1989.[2] Bhí tionchar mór aici ar scolaíocht bhaile nuair a d'fhoilsigh sí leabhar ar an ábhar, mar atá, Anything School Can Do, You Can Do Better. Anuas air sin, bhí sí páirteach i mbunú Chumann Pleanála Teaghlaigh na hÉireann. Bhí 11 pháiste aici lena fear céile, Seán.

Bunú an Chomhaontais Ghlais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Máire Mullarney páirteach sa pholaitíocht ar dtús mar chuid d'fheachtas le cosc a chur ar phionós corportha sna scoileanna. Bhí sí ar dhuine amháin den ghrúpa daoine a d'fhreastail ar chruinniú i Nollaig 1981 chun páirtí polaitiúil éiceolaíoch (Páirtí Éiceolaíochta na hÉireann, nó An Comhaontas Glas sa lá inniu) a bhunú in Éirinn agus bhí sí mar Chathaoirleach ar an gcruinniú sin. Maítear gur scríobhadh céad fhorógra an pháirtí ar a bord cistine siúd i Ráth Fearnáin. Sheas sí don pháirtí i dtoghcháin Dála trí huaire i ndiaidh a chéile agus toghadh í faoi dheireadh chun Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas i 1991 agus d'fhan sí i mbun an chúraim sin go dtí 1999.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]