Máire Bhuí Ní Laoghaire
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
File Éireannach ab ea Máire Bhuí Ní Laoghaire (1774–1849?).
[athraigh] Saol
Rugadh í dTúirín na nÉan, Uibh Laoghaire, i ngar d'Inse Geimhleach i gContae Chorcaí, agus is ann a chaith sí a saol le linn a hóige. Timpeall ar an mbliain 1792, phós sí Séamus de Búrca as an Sciobairín. Bhí cónaí orthu i ngar do Chéim an Fhia.
Bhí Art Ó Laoghaire agus Donnachadh Dall Ó Laoghaire gaolta léi.
Cuireadh san uaigh í sa reilig in Inse Geimhleach.
[athraigh] Filíocht agus amhránaíocht
Bhí Máire Bhuí neamhliteartha ach mhair a dánta agus a hamhráin sa bhéaloideas, cosúil le filí eile ag an am sin, mar shampla Antoine Ó Raifteiri. Scríobh sí Cath Chéim an Fhia.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.