Máire Ann Nic Reachtain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMáire Ann Nic Reachtain

Nic Reachtain ar chlé, agus a neacht, timpeall 1801 Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith8 Iúil 1770
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Iúil 1866
96 bliana d'aois
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmleasaitheoir sóisialta Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
SiblínAnraí Joy Mac Reachtain

Réabhlóidí, daonchara a rinne obair mhór ar son bhochtáin Bhéal Feirste agus tacaí díograiseach do na hÉireannaigh Aontaithe (go háirithe dá deartháir Henry Joy agus Thomas Russell) ab ea Mary Ann McCrackenMáire Ann Nic Reachtain (9 Iúil 1770 - 26 Iúil 1866).[1][2]

Deirfiúr Anraí Joy Mac Reachtain, a cuireadh chun báis de thoradh ar a ról i gCath Aontroma i Meitheamh 1798, ab ea í.

Cosúil lena deartháir, chreid Mary Anne McCracken i gcomhionannas agus i gceartas sóisialta. Thug sí a saol fada ag iarraidh na haidhmeanna sin a bhaint amach agus tá aitheantas tuillte aici mar phearsa tábhachtach staire aisti féin, agus ní mar dheirfiúr Henry Joy McCracken amháin.[3]

circa 1860

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tús a saoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Máire Ann Nic Reachtain i mBéal Feirste, ag am nuair a bhí an chathair, cosúil leis an gcuid eile den tír, ag dul trí athraithe ollmhóra i bhfearainn na tionsclaíocha agus na sochaithe.

Dream rachmasach a bhí ina muintir chomh maith le Preispitéirigh Ultaise agus ba úinéir saibhir long a bhí ina hathair, seanbhunaithe i saol sóisialta agus tráchtála Bhéal Feirste. Bhí tuismitheoirí liobrálacha agus fadradharcach aici.

Rinne a cuid tuismitheoirí cinnte go mbeadh an t-oideachas céanna ar a n-iníon agus a bheadh ar an mac. B’in rud nach raibh coitianta ag an am. Sheol siad í chun scoil David Manson, scoil chomhoideach fhorchéimnitheach. Bhain Máire Ann barr feabhais amach sa mhatamaitic.

Ar theacht in inmhe dóibh tháinig an bheirt McCracken faoi anáil scríbhneoirí mar Mary Wollstonecraft agus Thomas Paine, a bhí ag iarraidh deireadh a chur le neamhionannas.[3]

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith an choimhlint in Ultaibh scáil uirthi i rith a saol. Thug Mary Anne tacaíocht do Henry Joy McCracken nuair a chuaigh sé leis na hÉireannaigh Aontaithe. Tar éis thubaiste an éirí amach, d’fhéach Mary Anne le bealach éalaithe go Meiriceá a réiteach do Henry Joy, ach gabhadh é. Bhí sí in éineacht leis nuair a crochadh é ar 17 Iúil 1798.[3]

Dealbh Mháire Ann Nic Reachtain le Elizabeth O'Kane, ar taispeáint i Halla na Cathrach, Béal Feirste

Thug Mary Anne tacaíocht i gcónaí don pholaitíocht réabhlóideach. Sheas sí le cara léir, Thomas Russell, nuair a cuireadh tréas ina leith siúd agus nuair a cuireadh chun báis é in 1803.

Thacaigh sí go láidir le cealú na sclábhaíochta i Meiriceá.

Clann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léirigh Mary Anne an neamhspleáchas a bhí ag baint léi nuair a shocraigh sí iníon mhídhlisteanach a dearthár, Maria Bodel, a thógáil. In aghaidh thoil a muintire a rinne sí é mar go gcaití drochmheas ar pháistí mídhlisteanacha ag an am. Scannal a thugtaí ar pháiste mídhlisteanach a bheith ann.

Bean ghnó[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ré a bhí ann ina raibh ról na mban coinnithe thar a bheith cúng. Ach rith Mary Anne gnó rathúil ag déanamh éadach muislín. Bhí sí tiomanta do go leor cúiseanna, caomhnú cheol traidisiúnta na hÉireann, mar shampla, agus oideachas do dhílleachtaí Bhéal Feirste.[3]

Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Carthanachta Bhéal Feirste.

Ag dul anonn in aois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith McCracken saol fada radacach. Nuair a bhí sí ina seanbhean, ba mhinic a bhíodh sí le feiceáil ar dhugaí Bhéal Feirste agus mórbhonn Wedgewood á chaitheamh aici ‘Am I not a man and brother?’.

Donegall Pass, B.F.

Bhíodh sí ag scaipeadh bileoga ar dhaoine a bhíodh ar a mbealach go Meiriceá faoin urchóid a bhain leis an sclábhaíocht.[3]

Bhí sí 96 bliain d’aois nuair a fuair sí bás.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "McCracken, Mary Ann | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2022-09-29.
  2. "Book Review: The Life and Times of Mary Ann McCracken, 1770–1866 ~ A Belfast Panorama – The Irish Story" (en-GB). Dáta rochtana: 2022-09-29.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 Seán Delap (2018). "Stór Staire" (Cogg).