Máel Mórda mac Murchada

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMáel Mórda mac Murchada
Beathaisnéis
Breith10 haois
Bás23 Aibreán 1014 (Féilire Ghréagóra)
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Teaghlach
PáisteBran mac Máel Mórda Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMurchadh mac Fionn
SiblínGormflaith ingen Murchada

Ba é Máel Mórda mac MurchadaMáel Mórda mac Murchada Uí Fáeláin (Maol Mórdha Mac Murchadha Uí Fhaoláin) Rí Laighean. Rugadh é timpeall 965 agus maraíodh é ag Cath Chluain Tarbh ar an 23 Aibreán 1014, mac le Murchad mac Finn agus deartháir le Gormlaith (bean chéile Bhriain Bóramha) a bhí ann, agus é ina dhuine de mhuintir Uí Fhaoláin, ceann de threibheanna Uí Dhúnlainge a bhí lonnaithe timpeall na Life i Nás na Rí.

Cuimhnítear air, thar aon rud eile, mar namhad Bhrian Bóirmhe, agus maraíodh an bheirt ag Cath Chluain Tarbh ar Aoine an Chéasta 1014. D'éirigh sé amach níos luaithe freisin, sa bhliain 1012. Tar éis a bháis bhí Bran, a mhac, ina rí ar Chúige Laighean idir na blianta 1016 agus 1018. Ó shin amach ar aghaidh mhair ríogacht Uí Dhúnlainge le daoine de mhuintir Uí Mhuireadhaigh in áit mhuintir Uí Fhaoláin mar thoradh ar an slua mór a cailleadh ag Cluain Tarbh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]