Lus súch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda ilbhliantúil atá dúchasach don Eoraip is an Áise. Caoldíreach nó spréite, cuid acu dreaptha, iad uile le duilliúr cleiteach. Na fíordhuilleoga laghdaithe go dtí lanna bídeacha, agus feidhmíonn géaga mionathraithe bídeacha mar dhuilleoga. Na bláthanna bídeach freisin, bán nó buí, clogchruthach nó croischruthach. Na caora glas, dearg nó dubh. Na péacáin óga an-choitianta mar ghlasra.