Lus míonla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoLus míonla
Myosotis Cuir in eagar ar Wikidata

Myosotis arvensis Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhcéanóibiam Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdBoraginales
FineBoraginaceae
FofhineBoraginoideae
GéineasMyosotis Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
Myosotis alpestris

Tugtar lus míonla[1] ar roinnt plandaí blátha i ngéineas na Boraginaceae. Tá ar a laghad 74 speiceas de ann. Planda bliantúil nó ilbhliantúil atá i gceist agus iad dúchasach do na réigiúin mheasartha. An bláthra cornaithe, ach díríonn sé de réir mar a fhadaíonn. Na bláthanna feadánach le 5 mhaothán leata, go minic bándearg mar bhachlóg, ach gorm nuair a osclaíonn, uaireanta le súil bhuí nó bhán mar threoraí meala, nó na dathanna seo ina n-iomláine.

Tá suas le 60 speiceas dúchasach in iarthar na hEoráise agus dhá scór speiceas in iardheisceart an Aigéin Chiúin, sa Nua-Shéalainn go príomha ach i bNua-Ghuine Phapua chomh maith. Maireann cúpla speiceas i Meireacá, Theas agus Thuaidh. Fásann siad ina lán áiteanna eile sna réigiúin measartha mar a dtugadh isteach iad mar phlandaí maisiúcháin. Glactar leis an speiceas M. scorpioides mar speiceas sainiúil an ghéinis.

Ciallaíonn myosotis "cluas luiche" sa Ghréigis. Tugtar Vergissmeinnicht orthu i nGearmáinis, ainm a d'aistríodh go roinnt teangacha eile, mar shampla "forget-me-not" sa Bhéarla.[2]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Myosotis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Lus míonla". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 424.