Lus liath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Labhandar, tom beag cumhra atá dúchasach do thíortha na Meánmhara agus oileáin an Atlantaigh, i ngragán tirim den chuid is mó. Agus é óg, bíonn an gas cearnach. Na duilleoga caol, ach uaireanta lioptha go doimhin, scothliath, i bpéirí urchomhaireacha. Na bláthanna déliopach, labhandar nó liathchorcra, ar spící dlútha. Saothraítear go forleathan é mar mhaisiúchán, i gcomhair pot pourri, agus mar fhoinse ola labhandair do thionscal na gcumhrán.