Luke 'Ming' Flanagan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála é Luke 'Ming' Flanagan. Tá sé ina theachta neamhspleách. Is iarchomhairleoir agus méara de chuid Comhairle Ros Comáin. Bhain sé cáil amach ar dtús lena chuid iarrachtaí an druga cannabas a dhéanamh dleathach in Éirinn.

Pointí Píonóis [athraigh]

I Márta na bliana 2013 tharraing sé cáineadh géar tar éis gur tháinig sé chun solais gur glanadh pointí píonóis óna cheadúnas tiomána. Baineadh 4 cinn san iomlán, as dhá eachtra éagsula, óna cheadúnas, péire acu nuair a d'úsáid sé dlí a thugann cosaint dóibh siúd atá ag obair ar son na Dála, agus péire eile a ndúirt sé gur chinntigh duine ó chomhairle Ros Comáin a mbaint. Tharla seo tar éis go ndúirt sé sa Dáil nár baineadh aon phointí uaidh is tar éis dó camastaíl ar an gcaoi seo a cháineadh.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.