Lugdunum

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba chathair thábhachtach Rómhánach i nGall na Fraince é LugdunumColonia Copia Claudia Augusta Lugdunum (Dún Lugh i nGaeilge nó an chathair nua-aimseartha Lyon). Bhunaigh Lucius Munatius Plancus í sa bhliain 43 RC. Ba phríomhchathair na cúige rómhánaí Gallia Lugdunensis (a chiallaíonn "Gall Dhún Lugh"). Bhí an chathair rí-thábhachtach in iarthar na hImpireachta Rómhánaí ar feadh 300 bliain i ndiaidh a bunaithe. Rugadh an dá impire Cláidias agus Caracalla i nDún Lugh. Bhí an bhunchathair Rómhánach lonnaithe ó thiar na Róine agus na Sóine, ar arda an tSean-Fhóraim (Forum Vetus sa Laidin, Fourvière i bhFraincis). Faoi am chéadta dheiridh na hImpireachta, bhí an chuid is mó den daonra lonnaithe i nGleann na Sóine agus ag bun Fourvière.

Ainm[athraigh | edit source]

Bunaíodh an cathair Romhánach faoin ainm Colonia Copia Felix Munatia, áfach d'fhás an úsáid den ainm 'Lugdunum' (Dún Lugh) agus ar uairibh 'Lugudunum' ag deireadh an chéad aois iar-Chríost. Is laidineacht den logainm gallach 'Lugodunon' é sanasaíocht 'Lugdunum'. B'é an Gaillis an teanga ceannasach den réigiún a chlaoigh na Rómhánaigh. Ciallaíonn dunon dúnDúnfort i nGaeilge, agus síltear go thagann Lug ó ainm an dia Cheilteach Lugh (ainm a chiallaíonn Dún Lugh i nGaeilge). Deirtear freisin gur ón bhfocail gaillise lugus (caróg) é an fréamh Lug, nó freisin gurb focail gallach do 'sholas' (gaolmhar le lux Laidineach). Le linn na Mheánaoise, d'athraigh Lugdunum go Lyon trí athrú fuaime nádúrtha.

Lonnaíochtaí Réamh-Rómhánacha agus an Ceantar roimh bhunú an Chathair[athraigh | edit source]

Tá fianaise ann de lonnaíochtaí gallacha sa cheantar roimh gur bhunaíodh an chathair Romhánach, agus d'áitreamh cónaithe réamh-Ghallach ag síneadh chomh fada siar leis an gClochaois. Molann fianaise seandálaíochta go raibh trádáil idir Dún Lugh agus cathracha Campánacha san Iodáil- trádáil cheirmeach agus d'fhíon- agus úsáid d'fhearastú i stíl Iodáileach i dtithe Dún Lugh roimh choncas na Rómhánaigh. Bhí an Gall cloíte ag na Romhánaigh faoi cheannas Iúil Caesair idir 58 agus 53 IC. Is an phríomh-fhoinse d'eolas faoin nGall réamh-Romhánach é a chur síos, De Bello Gallico, áfach níl tagairt ar leith de Dhún Lugh.

Búnús na Cathrach Romhánaigh[athraigh | edit source]

I 44 RC, deich bhliain i ndiaidh ghabháil an Ghaill, feallmharaíodh Caesar agus phléasc cogadh cathrach Romhánach amach. Dar leis an staraí Dio Cassius, i 43 RC, d'ordaigh Seanad na Róimhe do Mhunatius Plancus agus do Lepidus, gobharnóirí an Ghaill lárnaí agus an Ghaill Trasalpach, cathair a bhunú do ghrúpa theifeach Romhánacha a bhí díbeartha ó Vienne (baile timpeall 30 km ó dheas ó Dhún Lugh) a bhí campáilte ag cumair na Róine agus na Sóine. Deir Dio Cassius gur slí é seo chun cosc a chur le aontú Marcais Antaine agus a nairm a chur níos doimhne i gcoimhlint. Molann fianaise eipeagrafach gurb é Munatius Plancus príomh-bhunaitheoir Dhún Lugh.

Is dóigh gur raibh daonra de chúple mhíle i nDún Lugh ag am a bunús. Bhí na saoránaigh sannta ó thaobh riaracháin de don threabh Gailéarach. Bhí na chéad fhoirgnimh Romhánacha lonnaithe ar na harda Fourvière agus thar na haibhne Sóine. B'é Uiscerian na Geire, críochnaithe sa 1ú Chéad IC, cean de cheithre uiserian ag cur uisce ar fáil don chathair.

Laistigh de 50 bhliain d'fhás Dún Lugh i méid agus tábhachtach, ag éirí chun bheith mar lárionad riaracháin den Ghall agus den Ghearmáin Romhánach. Faoi am dheiridh réimis Ágastais, rinbne Strabó cur síos ar Lugdunum mar acomhal ceithre phríomhbhóthair: an bealach do Narbonensis (Cúige na Narbóinne), don Mhasáil (Massilia i Laidin, Marseilles i bhFrainis inniu) is don [[Iodáil] ó dheas, an bealach d'Abhainn na Réine is don Ghearmáin ó thuaidh, an bealach don Aigéan (an Mhuir nIocht) ó thiarthuaidh agus an bealach don Acatáin ó thiar.

Rinne fogasacht na teorainne leis an nGearmáin Lugdunum ina chathair tábhachtah go straitéiseach ar feadh cheithre chéad, mar áit do thuilleadh forleathnú Romhánach sa Ghearmáin, agus freisin mar b'í an taon chathair agus lárionad riaracháin sna cúige Gallacha. Ba chroí thrádála agus airgeadais na cúigí ó thiarthuaidh í freisin.

Aird na hImpirí[athraigh | edit source]

Ina haois deirneach, bhí Dún Lugh mar ní airde nó cúirte na himpirí nó na clainne impiriúl. B'iad Aigripe, Drusas, Tibir, agus Gearmánacas (a rugadh i nDún Lugh é féin) cúpla de na ginearáil gobharnóire a bhí ar fiannas i Lugdunum. Thug Ágastas cúirt ar Dhún Lugh trí uair idir 16 RC agus 8 IC. Chóinigh Drusas i nDún Lugh idir 13 agys 9 RC. I 10 RC, rugadh a mhac Cláidias (an timpire todhcaíoch). Stad Tibir i Lugdunum idir 4 agus 5 RC, ar a bhealach don Réin, agus arís i 21 IC, ag déanamh feachtais i gcoinne na hAindéis (treabh gallach ó hArnamara/ón Armóirce). Chuidigh Cláidias agus Néaró le fás agus tábhacht na cathrach.

Rugadh Cláidias i nDún Lugh i 10 RC agus chóinigh sé ann ar a laghad ar feadh dhá bhliain. Mar impire, d'fhill sé ar Lugdunum i 43 IC ar a shlí chun an Bhreatain a chloígh, agus stad sé arís ann tar éis a gconclúid buach i 47. Aimsíodh scairdeán uisce ag tabhairt ómós dá bhua. Lean sé ar aghaidh chun suim tacaíochta a fhorbairt don bhaile, ag ligint do suntasaigh an bhaile incháilithe chun bheith ar fiannas i Seanad na Róimh, mar atá curtha síos thuas.

Le linn réamas Chládias, tógadh droichead trasna na Róine, ag cur le tábhacht straitéiseach na cathrach. Bhíodh doimhneacht na habhann agus an gleann seascainn máguaird mar bhacainn taistil agus teagmhála don oirthear roimh é seo. Ghiorraigh an bealach nua, ar a ghlaodh compendium, an aistear idir Dún Lugh agus Vienne ó theas, agus rinne sé níos dírí na bóithre idir Lugdunum, an Iodáil agus an nGearmáin. Faoi deireadh a réimis, b'é ainm oifigiúl na cathrach ná Colonia Copia Claudia Augusta Lugudunenisium (sin 'Raidhse Chóillíneacht Chláidias Ágastais Dhún Lugh' i Laidin) a ghiorradh síos go dtí CCC AVG LVG.

In ainneoin an easpa chúirte impiriúla le linn an chéad aois eile, bhí rath ar Dhún Lugh, suas go dtí Septimius Severus agus Cath Dhún Lugh i 197 IC.

Cath Dhún Lugh[athraigh | edit source]

Tháinig deireadh leis an Dara haois le coimhlint eile do chomharbas impiriúl. Maraíodh an timpire Peirteanacs i 193, agus thriáil ceathrúir ghinearál nua an suíochán ríoga a fháil. D’fhorbair beirt chéile comhraic- Clóidias Ailbíneas agus Septimius Severus (Seiptimias Sevéireas)- comhaontas poilitiúil ar dtús. B’iad-lagáid na Breataine é Ailbíneas, a bhí i gceannas ar léigiúin sa Bhreatain agus sa Ghall. Bhí Severus i gceannas ar na léigiúin panónacha. Dhaingnigh Sevéireas a chumhacht sa Róimh, agus bhris sé a chomhaontu le Ailbíneas. D’aontaigh Seanas na Róimhe leis, agus d’fhógraigh siad gur naimhead phoiblí a bhí in Ailbíneas. Bhí Clóidias tar éis a airm a bhunú garr do Dhún Lugh go luath i 195. Rinne sé plean ann chun Severus a fhreagairt (go mílíteach). Fuair sé tacaíocht ó Lucius Novius Rugus, gobharnóir Hispania Tarraconensis (an cúige "Spáinn Tharracó"). Thóg Severus a airm ón Iodáil don Ghearmáin i leith dheiridh 196. Throid na hair mar dtús i dTinurtium ("Tionáirtiam" nó "Tournus"), timpeall 60 km suas na Sóine ó Dhún Lugh. Chúiligh Ailbíneas lena fhórsaí siar ansin do Lugdunum. Ar 19ú Feabhra 197 d’ionsaigh Severus Clóidias arís in iarthuaisceart na cathrach. Bhí airm Ailbíneas cloíte i gCath folach Dhún Lugh. Deir Dio Cassius go raibh 300,000 fear ag troid. Chuir Ailbíneas lámh ina bhás féin i dteach in aice na Róine; seoladh a cheann don Róimh mar rábhadh dá thacadóirí. Céasadh éinne i nDún Lugh a thug tacaíocht d’Ailbíneas ina dhiadh. Fágadh an cathair ‘ina fothraigh’ tar éis na troda.

Meath Dhún Lugh[athraigh | edit source]

Is léir ó fhianaise stairiúil agus seandálaíoch nár théarnaigh Dún Lugh ón cath riamh. Rinneadh athrú ar chúige na Róimhe ag deireadh na 3ú haois, ag cur Dún Lugh mar phríomhchathair de cheantar i bhfad níos lú. Ní raibh Dún Lugh mar lárionad riaracháin an Ghaill ina dhiadh sin. Cé gur lean an cathair ar aghaidh, bhí gluaiseacht mór dhaonra ón gcathair. Le titim na himpireachta thiar sa 5ú haois, bhí Dún Lugh mar phríomhchathair den Ríocht Burgúnach.

Foinsí agus Tagairtí[athraigh | edit source]

  • Dio Cassius. Histories. XLVI, 50.
  • André Pelletier. Histoire de Lyon: de la capitale les Gaules à la métropole européene. Editions Lyonnaises d'Art et d'Histoire. Lyon: 2004. ISBN 2-84147-150-0
  • Seneca. Apocolocyntosis. VII