Arenicola marina

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Lugach)
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoArenicola marina Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamAnnelida
AicmePolychaeta
FineArenicolidae
GéineasArenicola
SpeiceasArenicola marina Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758

Is péist mhór ainilide a thochlaíonn i ndríodar bog cladaigh nó inbhir é Arenicola marina (Gaeilge: an lugachan luga).[1] Itheann sé ábhar orgánach a leagtar síos. Análaíonn sé le geolbhaigh sheachtracha ar feadh a cholainne. Úsáidtear go forleathan mar bhaoite iascaireachta é.[2]

Rinne Séamus Mac an Iomaire cur síos ar an lugach ina leabhar Cladaí Chonamara:

Níl trá ar bith timpeall na n-oileán nach bhfuil druidte le lugacha. Ní mór nach cosúil leis na hangailteacha iad a bhíos le fáil sa gcréafóg. Níl baoite ballach ar bith chomh maith leo... Timpeall le troigh ar domhain a bhíos siad agus cothaíonn siad iad féin ar an ngaineamh, agus bíonn carnáin de mar chomhartha caol díreach os cionn na háite ina mbíonn siad. Is aisteach na péiste iad, ó leath-throigh go troigh ar fhad agus níl mórán áit ar bith ó leath-thrá go díthrá nach bhfuil siad ar fáil — cuid acu dubh, cuid acu dearg, agus an ceann buí is fearr le haghaidh iascaigh.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Arenicola marina” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Lugach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 422.
  3. Mac an Iomaire, Séamas (1985). "Cladaí Chonamara" (in ga) (Eagrán nua ed.). Baile Átha Cliath: An Gúm. ISBN 978-1-85-791447-4.