Luddaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dream oibrithe ag tús na réabhlóide tionsclaíche i dtuaisceart Shasana a scrios innealra nua teicstílí i 1811-1812 mar reibiliún i gcoinne cailliúint oibre dá bharr. Bhí na meaisíní in ann an oiread sin uigí a tháirgeadh i gcomparáid le táirgeadh na seolta láimhe go raibh siad cinnte go gcaillfí an iliomad jabanna. D'fhógair na fir go raibh siad faoi cheannas duine darbh ainm Ned Ludd. Cuireadh deireadh leis an reibiliún i 1813 le holltriail, agus daoradh an-chuid Luddach chun a gcrochta nó ionnarbadh don Astráil. Úsáidtear an téarma le fada anois chun aon fhriotaíocht do theicneolaíochtaí nua a dhíspeagadh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Luddaigh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 422.