Lucas Cranach Mór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Lucas Cranach)
Infotaula de personaLucas Cranach Mór

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(de) Lucas Cranach der Ältere
Beathaisnéis
Breith4 Deireadh Fómhair 1472
Kronach Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Deireadh Fómhair 1553
81 bliana d'aois
Weimar Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaWeimar Cuir in eagar ar Wikidata
Burgomaster (en) Aistrigh Lutherstadt Wittenberg
1540 – 1540
Burgomaster (en) Aistrigh Lutherstadt Wittenberg
1531 – 1531
Péintéir cúirte Frederick III (en) Aistrigh
1505 – 1547
← Jacopo de' Barbari Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnLiútarachas
Áit chónaitheCranachhaus (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
Réimse oibrePéintéireacht
Suíomh oibre Lutherstadt Wittenberg (1505–)
Vín (1501–1504)
Weimar Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpéintéir, ealaíontóir, maisitheoir, greanadóir, poitigéir, dearthóir, ealaíontóir grafach, línitheoir, déantóir priontaí, foilsitheoir Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraPortráidiú, nocht, péintéireacht reiligiúnda agus pictiúr miotaseolaíochta
GluaiseachtGerman Renaissance (en) Aistrigh
Critical catalogue (en) AistrighDie Gemälde von Lucas Cranach FR 1932 (en) Aistrigh (1932) Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinnAntonius Heusler, Hans Cranach Óg agus Lucas Cranach Óg
Faoi thionchar
TeangachaAn Ghearmáinis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileBarbara Brengbier Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteHans Cranach Óg, Lucas Cranach Óg Cuir in eagar ar Wikidata
AthairHans Maler agus Hans Sunder  agus Barbara Hübner
Duine muintearthaChristian Brück (mac cleamhnais)
Gregor Brück (co-father-in-law (en) Aistrigh)
Augustin Cranach (garmhac)
Lucas Cranach III. (garmhac)
Georg Dasch (mac cleamhnais)
Caspar Pfreundt (mac cleamhnais)
Aegidius Strauch (husband of grand-daughter (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

Musicbrainz: 3f2c33c2-679a-4ac9-af12-e3a1ea6e7530 Discogs: 2263571 Find a Grave: 44514704 Cuir in eagar ar Wikidata

Péintéir a rugadh i gKronach (ar ainmníodh as é) gar do Bamberg na Gearmáine ba ea Lucas Cranach(Gearmáinis: Lucas Cranach der Ältere) (1472-1553). Ba phéintéir cúirte é ag Thoghthóirí na Sacsaine ar feadh an chuid is mó dá shaol oibre, agus bhí dlúthbhaint aige le lucht an Reifirméisin. Phéinteáil sé cuid acu agus Liútar ina measc. Le linn a shaoil ghairmiúil rinne sé pictiúir nochtfhíoracha as ábhar a tharraing sé ón miotaseolaíocht agus ón reiligiún. Tá a shárshaothar Christus am Kreuz (Críost ar an gCros, 1503) sa Stadtkirche in Weimar.

Bhí a thriúr mac ina bpéintéirí freisin, agus bhí saothar an dara mac, Lucas Cranach Óg (1515-1586), chomh cosúil le saothar a athar gur deacair idirdhealú a dhéanamh eatarthu. Tá meas ar Lucas Cranach Mór mar an t-ealaíontóir Gearmánach ba rathúla lena linn.[1]

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Síniú an ealaíontóra ón bhliain 1508 ar nathair sciathánach le fáinne rúibín (mar atá ar phictiúr ón mbliain 1514)

.

Rugadh é i gKronach in uachtar na Francóine, is dócha sa bhliain 1472. Níl dáta cruinn a bhreithe againn. D'fhoghlaim sé ealaín na líníochta óna athair Hans Maler (ciallaíonn Maler "péintéir" agus cuireann sé a ghairme in iúl de réir a ré agus a aicme).

Fuair a mháthair bás sa bhliain 1491 (bhí an sloinne Hübner uirthi). Níos déanaí baineadh úsáid as ainm a áit bhreithe i gcomhair a shloinne, sean-nós eile de chuid na haimsire. Ní fios conas a cuireadh oiliúint ar Chranach, ach is dócha go bhfuair sé oiliúint ó mháistrí áitiúla na Gearmáine theas, mar an gcéanna le Matthias Grünewald, ealaíontóir a bhí ar lucht a chomhaimsire agus a bhíodh ag obair in Bamberg agus Aschaffenburg. (Príomhchathair dheoise Kronach is ea Bamberg.) Maítear freisin gur chaith Cranach roinnt ama i Vín thart ar 1500.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "The Jack and Belle Linsky Collection in the Metropolitan Museum of Art" (1984). Metropolitan Museum of Art. “Lucas Cranach the Elder was perhaps the most successful German artist of his time.”