Luainíocht na gcónocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Feiniméan a tharlaíonn mar gheall ar na hathruithe malla ar threoshuíomh ais rothlaithe an Domhain sa spás. Tarraingíonn aomadh imtharraingteach na Gréine is na Gealaí boilsc mheánlíneach an Domhain, rud a chruthaíonn casmhóimint nó cúpla a luascann an ais rothlaithe trí chón sa spás, ag uillinn 23.5° leis an bplána meánlíneach, agus tréimhse 25,800 bliain ag an luascadh sin. Toradh suntasach ar an luainíocht seo is ea go n-athraíonn ionad gach aon rinn spéire go leanúnach, de bhrí go n-athraíonn bunphointe an chórais chomhordanáidigh (mar a dtrasnaíonn an mheánlíne is an t-éiclipteach, Túsphointe an Reithe) agus go ngluaiseann siar 50 soicind stua in aghaidh na bliana. Mar sin, luann catalóga na réaltaí an bhliain chuí maidir le hionad réaltaí, chun gur féidir na hionaid chruinne ag aon am eile a ríomh. Toradh eile is ea go n-inscríobhann an mol neamhaí ciorcal ar thrastomhas 47°. Mar sin, i gceann 14,000 bliain, is é Vega a bheidh ina réalta thuaidh agus ní Polaris.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Luainíocht na gcónocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 419.