Louis Victor Pierre Raymond de Broglie

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a rugadh i nDieppe na Fraince, de chlann uasal ab ea Louis Victor Pierre Raymond de Broglie (1892-1987). Bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic i 1929 as a thaighde ceannródaíoch ar nádúr tonnach an leictreoin (tonnta de Broglie).