Louis Stein

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarLouis Stein
Cineálcarachtar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Louis Stein príomhcharachtar an úrscéil An Uain Bheo le Diarmaid Ó Súilleabháin (Sáirséal agus Dill, 1968). Bronnadh duais ar an leabhar in Oireachtas na Gaeilge i 1967, duais Acadamh Liteartha na hÉireann agus duais ón bhForas GaelMheiriceánach i 1969.

Mac léinn leithleasach macnasach é Louis, a athraíonn a phort nuair a thiteann sé i ngrá le hOrla Ní Cheallaigh, iníon le traenálaí capall as Currach Chill Dara. Spreagann an grá an t-idéalachas i Louis agus déanann sé iarracht a shaol a athrú. Faoi thionchar mhúinteoir Gaeilge as Béarra teann i dtreo an náisiúnachais cultúir agus teanga. Bánn sé Orla nuair a thiomáineann sé a charr isteach sa Life agus é ólta. Úrscéal casta é seo le duine de phríomhscríbhneoirí na hÉireann sa bhfichiú haois.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]