Louis Seymour Bazett Leakey

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Antraipeolaí Breatnach a saolaíodh i gKabete sa Chéinia ab ea Louis Seymour Bazett Leakey (1903-1972). Ag obair lena bhean chéile Mary Leakey (née Nicol, 1913-1996), thochail sé i Mám Alduvai sa Tansáin agus tháinig ar iontaisí Homo habilis, duine réamhstairiúil: blaosc i 1959, agus iontaisí suntasacha eile i 1964 is 1967. Rinne a mhac Richard Leakey (1944-) tuilleadh fionnachtana tábhachtacha sa réigiún.