Lonracht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Astú solais ó ábhar ar chúis eile seachas téamh, a rangaítear de réir foinse an fhuinnimh. Is fótalonracht an t-astú solais infheicthe nuair a imbhuaileann solas dromchla, mar shampla i gcás péinteanna atá bunaithe ar shuilfíd since, agus leanann an breo astaithe seo nuair a bhaintear an fhoinse sheachtrach solais chun siúil. I gceimealonracht, imoibrithe ceimiceacha is bun leis an astú solais. Tugtar leictrealonracht ar an astú solais de bharr díluchtaithe leictrigh. Feictear tribealonracht nuair a chuimlítear nó a mheiltear criostail áirithe. Cruthaíonn ionsú radaíochtaí, cosúil le solas, radaíocht ultraivialait, X-ghathanna is gáma-ghathanna, i ndromchlaí d'ábhair áirithe astú iarmharach solais infheicthe. Nuair a stopann an breo nuair a bhaintear an radaíocht ionsaitheach chun siúil, tugtar fluairiseacht ar an gcineál lonrachta seo. É seo is bun le feadáin fhluaraiseacha. Nuair a leanann an breo agus deireadh leis an radaíocht ionsaitheach, tugtar méarnáil ar an lonracht sin. Bithlonracht a thugtar ar lonracht a ghintear in orgánaigh bheo, mar shampla i lampróga. Go bunúsach, i ngach cás faigheann adaimh áirithe san ábhar breis fuinnimh a ardaíonn leictreoin iontu chuig staid flosctha. Tar éis achar beag ama, filleann na leictreoin seo don staid neamhfhlosctha, agus astaíonn an farasbarr fuinnimh i bhfoirm solais infheicthe.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Lonracht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 418.