Longa Skuldelev

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bailte móra Uigingeacha agus Roskilde ina measc.

Baineann longa Skuldelev (longa Uigingeacha) leis an aonú haois déag, nuair a d'fhág na Danmhargaigh roinnt constaicí i bhFiord Roskilde chun an phríomhchathair, Roskilde, a chosaint ar thaobh na farraige di. Scuitleáladh cúig long i gcaolas Peberrende in aice le Skuldelev, timpeall fiche ciliméadar taobh thuaidh de Roskilde. Baineadh aníos iad sa bhliain 1962. Cuireadh leatháin iarainn ina dtimpeall, taoscadh an t-uisce agus tógadh na longa amach ina mílte blúire, obair a thóg os cionn ceithre mhí. Ansin rinneadh na blúirí a chaomhnú agus a chur i dtoll a chéile, agus fuarthas neart eolais ar shaoirseacht bád agus long i ré na nUigingeach dá bharr.[1] Síleadh ar dtús go raibh long bhreise (Skuldelev 4) ann ach fuarthas amach nach raibh inti ach cuid de cheann de na longa eile.

I lár na nóchaídí bhí Iarsmalann Roskilde á méadú chun go bhfágfaí longa Skuldelev ann. Ag baint na cré dóibh i bhFómhar na bliana 1996 tháinig an lucht tógála ar iarsmaí long eile. Bhain cuid de na longa sin leis na meánaoiseanna ach bhí long chogaidh Uigingeach ina measc. Tugadh Roskilde 6 uirthi, agus bhí sí timpeall 36 méadar ar fad – an long Uigingeach is faide a fuarthas riamh. Thaispeáin an deindreacroineolaíocht go ndearnadh í timpeall na bliana 1025, agus socraíodh go gcuirfí í ar taispeáint in éineacht le longa Skuldelev. [2]

Na longa[athraigh | edit source]

Skuldelev 1[athraigh | edit source]

Long thrádála. B’fhéidir gur chnarr í. Rinneadh í de chláir ghiúise ag Sognefjord in iarthar na hIorua, agus deisíodh go minic í le hadhmad darach ó Fhiord Osló agus ó oirthear na Danmhairge. Bhí deic thosaigh agus deic thiar aici agus broinn oscailte ina lár. Bheadh idir triúr agus ochtar foirne aici, agus bheadh sí in ann an tAtlantach Thuaidh a shiúl. Bheadh meánshiúl idir cúig agus seacht muirmhíle fúithi agus í ag imeacht le cóir. Thóg Iarsmalann na Long Uigingeach Ottar mar mhacasamhail de Skuldelev 1.

Adhmad: giúis, dair, teile
Fad: 15.84 méadar
Leithead: 4.8 méadar
Snámh: méadar amháin
Toillíocht: 20 tonna
Rámha: 2-4
Foireann: 6-8
Méid an tseoil: 90 m2
Meánluas: 5-7 muirmhíle
Barrluas: c.13 muirmhíle
Dátú: c. 1030 AD
Áit tógála: Iarthar na hIorua
Iarsmaí: 60%[3]

Skuldelev 2[athraigh | edit source]

Skuldelev 2

Long chogaidh ar skeid í, b'fhéidir. Bhíodh seasca fear ar a laghad ar bord, rud a fhágann gur long taoisigh í. Rinneadh d’adhmad darach í, agus taispeáin dátú fáinní crainn gur tógadh an long i aice le Baile Átha Cliath timpeall na bliana 1042. Bhí cruth fada caol ar an long agus bheadh luas mór fúithi dá bharr. Rinneadh macasamhail di, Havhingsten fra Glendalough (Stail Mhara Ghleann dá Loch), long atá in ann barrluas 12 muirmhíle a bhaint amach faoi sheol.

Adhmad: dair
Fad: timpeall 30 méadar
Leithead: 3.8 méadar
Snámh: méadar amháin
Toillíocht: 26 tonna (le trealamh iomlán)
Rámha: 60
Foireann: 65-70
Méid an tseoil: 112 m2
Meánluas: 6-8 muirmhíle
Barrluas: 13-17 muirmhíle
Dátú: 1042 AD
Áit tógála: Baile Átha Cliath
Iarsmaí: timpeall 25%[4]

Skuldelev 3[athraigh | edit source]

Long bheag ghreanta thrádála agus iompair ar byrding í, b’fhéidir. Rinneadh d’adhmad darach Danmhargach í. Bhí deic de chláir scaoilte aici sa chuid tosaigh agus thiar, agus broinn oscilte ina lár a dtoillfeadh lasta timpeall ceithre thonna inti. Bhí sí an-oiriúnach don Mhuir Bhailt agus do chósta na Danmhairge. Tógadh an long Roar Ege mar mhacasamhail di.

Adhmad: dair
Fad: 14 30 méadar
Leithead: 3.3 méadar
Snámh: 0.9 amháin
Toillíocht: 9.6 tonna
Lasta: 4.6 tonna
Rámha: 5
Foireann: 5-8
Méid an tseoil: 45 m2
Meánluas: 4-5 muirmhíle
Barrluas: 8-10 muirmhíle
Dátú: 1040 AD
Áit tógála: An Danmhairg
Iarsmaí: timpeall 75%[5]

Skuldelev 5[athraigh | edit source]

Skuldelev 5

Long bheag chogaidh ar snekke í, b’fhéidir, agus cuid adhmad inti a baineadh as longa eile. Bhí trí phéire dhéag buillí aici, rud a fhágann gur bhain sí leis na 13-sessers, na longa fada ba lú toirt. Tá blúirí den raca sciath ar an stráca uachtair, agus tá maisiúchán snoite le feiceáil ar an séú stráca ar an taobh clé thiar. Bhí sí an-oiriúnach don Mhuir Bhailt agus do chósta na Danmhairge. Tógadh an long Helge Ask mar mhacasamhail di.

Adhmad: dair, giúis, fuinseog agus fearnóg
Fad: 17.3 méadar
Leithead: 2.5 méadar
Snámh: 0.6 amháin
Toillíocht: 7.8 tonna
Rámha: 26
Foireann: timpeall 30
Méid an tseoil: 46 m2
Meánluas: 6-7 muirmhíle
Barrluas: timpeall 15 muirmhíle
Dátú: 1030 AD
Áit tógála: An Danmhairg
Iarsmaí: timpeall 50%[6]

Skuldelev 6[athraigh | edit source]

Skuldelev 6

Long a tógadh, is dócha, le haghaidh iascaireachta agus seilg míolta móra nó rónta. Rinneadh í as cláir ghiúise in aice le Sognefjord san Iorua. Cuireadh clár breise léi chun cuidiú léi iasc, earraí nó daoine a iompar. Baineadh cuid de na seanleapacha iomartha di uair éigin, rud a d’fhág níos lú buillí aici. Rinneadh a tóin a dheisiú le cláir dharach. Tógadh an long Kraka Fyr mar mhacasamhail di.

Adhmad: dair, giúis, beith
Fad: 11.2 méadar
Leithead: 2.5 méadar
Snámh: 0.5 amháin
Toillíocht: 3 tonna
Rámha: 14
Foireann: 5-15
Méid an tseoil: 26.5 m2
Meánluas: 4-5 muirmhíle
Barrluas: 9-12 muirmhíle
Dátú: 1030 AD
Áit tógála: Iarthar na hIorua
Iarsmaí: timpeall 70%[7]

Féach freisin[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]