Long choimeádáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Long cheallach a deartar chun boscaí 6 m nó 12 m ar fhad, a dtugtar coimeádáin orthu, a iompar in ionaid réamhshocraithe. Ní bhíonn aon fhadhbanna stuála ná ceangail ann, ní hionann is longa traidisiúnta. Tógadh na chéad longa don ghnó seo i 1966. Faoi lár na 1990idí bhí olltonnáiste timpeall 30 milliún tonna de longa mar seo ann, agus sin á méadú beagnach gach bliain ó shin.