Logartam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cumhacht n ar gá uimhir a a ardú chun a bheith cothrom le huimhir eile, b. Is é sin, is é logartam b don bhun a ná an = b → loga b = n. Mar shampla, de bhrí gur 102 = 100, log10 100 = 2. Ón sainmhíniú seo, is léir gur inbhéarta ar an bhfeidhm easpónantúil an fheidhm logartamach. Is féidir airíonna na feidhme logartamaí a dhíorthú ó dhlí na séan. Ina measc tá log (a b) = log a + log b, agus log (a/b) = log a–log b. Bunaithe ar na hairíonna seo, baineadh úsáid fhorleathan as logartaim chun áireamh a dhéanamh roimh theacht chun cinn na ríomhairí. Tugtar logartaim nádúrthalogartaim Napier ar logartaim ar bhonn e, agus úsáidtear an tsiombail ln dóibh. Úsáidtear an tsiombail lg do logartaim ar bhonn 10.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Logartam". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 415.