Loch Finne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Loch Finne, Contae Dhún na nGall

Loch fionnuisce is ea Loch Finne i gContae Dhún na nGall. Is é Loch Finne, atá trí mhíle ar fhad agus leathmhíle ar leithead, an loch is mó sa cheantar.[1] Deirtear go bhfuair Loch Finne agus Baile na Finne an t-ainm Finn ó Fhionngheal, bean álainn a báigheadh sa loch agus í ag iarraidh a deartháir Feargamhain, a bhí gortaithe, a shábháil.[2]

Tagairtí[athraigh | edit source]