Loch Eyre
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tá Loch Eyre in oirthuaisceart na hAstráile Theas, tuairim is 700 ciliméadar ó thuaidh as Adelaide, príomhchathair an stáit, agus ní bhíonn ann ach réileán salainn de ghnáth. Tá achar timpeall ar 9690 ciliméadar cearnach ar an réileán agus nuair a líontar é bíonn sé ar an loch is mó san Astráil. Bhíodh cáil ar an réileán mar an áit inar sháraigh daoine éagsúla an churiarracht domhanda luais ar thalamh. Sháraigh an Ridire Donald Campbell an churiarracht luais ann sa bhliain 1964.
| Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Loch Eyre |