Loch Cairlinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
City locator 20.svg
Suíomh in Éirinn
Suíomh in Éirinn
Loch Cairlinn

Is fiord oighreach nó góilín é Loch Cairlinn atá suite idir Contae an Dúin agus Contae Lú. Sreabhann Abhainn an Iúir agus Canáil an Iúir isteach ann, a nascann é go dtí an chathair Iúr Cinn Trá atá in aice láimhe (leanann Canáil an Iúir ar aghaidh chuig Abhainn na Banna agus Loch nEathach; faoin ainm 'an Rí', lúbann an abhainn thart ar Chontae an Dúin). Is iad na fiordanna oighreacha eile in Éirinn atá ar eolas againn ná Loch Súilí agus An Caoláire Rua.

Ar an taobh ó thuaidh, i gContae an Dúin, tá na bailte cósta an Phointe agus Ros Treabhair, cúlaithe le na Beanna Boirche. Ar an chósta theas tá Ó Méith, Cairlinn agus an Grianfort cúlaithe le Sléibhte Cuailgne, go léir ar Leithinis Chuailgne i gContae Lú.

I bhfoinsí níos sine,[1] tugtar Snám Aignech (a chiallaíonn "cainéal sciobtha") ar Loch Cairlinn.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. James Henthorn Todd, Cogad Gaedel re Gallaib (1867), p. lxiii.