Livias

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLivias

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(la) Titus Livius
Beathaisnéis
Breith59 "RCh"
Padua Cuir in eagar ar Wikidata
Bás17
74/75 bliana d'aois
Padua Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmstaraí, scríbhneoir, file Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaArd-Impireacht na Róimhe
SeánraStaireolaíocht
TeangachaAn Laidin
Saothar
Saothar suntasach

IMDB: nm0515385 Discogs: 4499696 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir ab ea Titus Livius (59 RC - AD 17), ar a dtugtar Livias as Gaeilge. Scríobh sé saothar mór ar stair na Róimhe, Ab Urbe Condita, ó bhunús na cathrach (sa bhliain 753 RC go traidisiúnta). B'as Padua é, baile ar an Po i dtuaisceart na hIodáile.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ab Urbe condita, 1714

Bhí ioncam maith ag an chlann ina rugadh Livias i bPadua. D'aistrigh sé go dtí an Róimh agus 29 mbliana aige, agus dúirt sé nár bhain sé aon pháirt amach sa tsaol poiblí, cé go raibh sé ina chara le hÁgastas. Bhí mac amháin agus iníon amháin aige. Thosaigh Claudius ag scríobh faoin stair nuair a mhol Livias dó é sin a dhéanamh.

Bhí sé ag teastáil ó Caligula na saothair go léir a scríobh Livias a bhaint amach as na leabharlanna, agus na bustaí a rinneadh dó - chuir Caligula "verbosum in historia neglegentemque" ('ro-fhoclach agus neamhchúramach maidir le cúrsaí staire') air.

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh Livias saothair fealsúnachta (cuid dóibh i bhfoirm agallaimh) agus reitrice (i bhfoirm litreacha, de réir dealraimh), ach níor tháinig na saothair seo anuas chuamar. Níl againn ach 35 as na 142 leabhar a bhíodh in Ab Urbe Condita.

  • Leabhair 1-10: ón aimsir is sia siar a dtéann cuntas air suas go 293 RC. Meascán de stair agus miotas atá i gceist leis.
  • Leabhair 21-45: ó 218 go 167 RC (níl leagain iomlána de leabhair 41 agus 43 againn).

Tá an chuid eile de na 142 leabhar (thart ar 30 imleabhar nua-aimseartha) caillte.

Baineann an saothar ar fad leis an tréimhse 753 RC go 9 RC. Taispeántar ag achoimriuithe (Periochae) ón 4ú céad de beagnach gach aon leabhar gur lean a chuid staireolaíochta suas chun bháis Drusus. B'fhéidir go raibh sé ar intinn do Livias 150 leabhar a scríobh, suas chun bháis Ágastais (an áit a thosaíonn Tacatas an scríbhneoireacht). Bhain sé an-chuid ábhair as Fabius Pictor, Coelius Antipater, Polybius, Cato agus Valerius Antias (a bhíodh á cháineadh ag Livias mar gheall ar áibhéil agus díchreidmheacht).

Livias mar staraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá go leor difríochtaí idir Livias agus staraithe an lae atá inniu ann. Baineann a chuid staire le 750 bliana - ní raibh ócáid amháin, duine amháin, cogadh amháin srl. i gceist. Rinne sé tagairt go minic le húdaráis gan ainm agus le traidisiúin. D'úsáid sé foinsí gan bhreithniú orthu go grinn, d'ainneoin iarrachtaí chun rogha a dhéanamh orthu. Níor bunaíodh a chuid tuairimí ar taighde domhain, agus ghlac sé leis an nós ársa chun dearcadh moráltachta a úsáid maidir leis an stair. Ach i gcomhthéacs staire an lae inniu, tá sé i bhfad níos fearr ná daoine ar nós Sallaist. Bhíodh sé ag lorg ar na fírinne, níor chreid sé fianaise amhrasach, luann sé a thuilleadh sleachta mar údarás ná daoine eile, agus cuireann sé cáilíochtaí áirithe i leith a chuid ráitis, sula mbeadh siad ró-scaoilte.

Is minic a bhréagnaíonn Livias é féin, ach aithníonn sé go bhfuil mearbhall éigin ann i measc a chuid údaráis.

Stíl agus téamaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sé ag teastáil ó Livias saothair ealaíne a dhéanamh de Ab Urbe Condita, cosúil le filíocht maidir le stíl agus le plé an ábhair. File eipiciúil ab ea é i bprós, agus d'úsáid sé a lán íomhánna chun díograis, stíl drámaíochta, beocht, agus claonadh chun reitric a chur i leith. Ní théann sé ar seachmall, agus thug Seinice faoi deara go raibh cumas aige maidir le cur síos ar carachtair. Tá cumas Cicearónach ar a dhearcadh agus a stíl ealaíne.

Bhí Livias an-dílis don Impireacht, agus bhí an Iodáil, an Róimh agus Ágastas mar laochra dó. D'ainneoin go mbíodh an fhírinne mar chuspóir duit, níor éirigh leis cuntas cruinn a thabhairt ar lochtanna na Rómhánach mar gheall ar an leatrom sin, agus níor thug sé cothrom na Féinne do mhuintir na Cartaige agus do mhuintir Shamnium. Chreid sé i dtionchar na ndéithe agus i dtuartha.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]