Liosta idirghníomhaíocht teicteonacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Trí chineál teorainneacha plátaí.
Teorainn imchoimeadach
Teorainn dhibhéirseach
Teorainn choinbhéirseach

Bíonn trí chineál idirghníomhaíocht  bainteach le teicteonaic phlátaí

  • Teorainneacha dibhéirseacha a tharlaíonn sna háiteanna a scarann plátaí óna chéile, agus le himeacht ama cruthaítear droim sléibhe ar ghrinneall an aigéin. Tugtar teorainneacha cruthaitheacha orthu freisin.
  • Teorainneacha coinbhéirseacha a aimsítear sna háiteanna a bhuaileann plátaí isteach ar a chéile. Scriostar carraigeacha anseo agus dá bhrí sin tugtar teorainneacha scriosacha nó comhbhrúiteacha orthu.
    • Criosanna fodhuchtaithe (freisin: 'Zóin fhodhuchtaithe') a aimsítear sna háiteanna a mbuaileann pláta aigéanach agus pláta ilchríochach lena chéile. Bíonn baint ag trinsí aigéanacha leo. Lúbann pláta amháin agus téann sé síos isteach faoin bpláta eile. Tugtar 'fodhuchtú' ar an phróiseas sin agus 'zón foduchtaithe' ar an áit ina dtarlaonn sé. Leánn an chuid den phláta aigéanach atá foduchtaithe agus cruthaíonn sé seo brú sa mhaintlín, rud is cúis le bolcáin a fhoirmiú.
    • Fordhuchtú a tharlaíonn nuair a bhrúitear pláta ilchríochach faoi phláta aigéanach, ach tá sé seo neamhghnách, mar go mbíonn dlúis choibhneasta na bplátaí teicteonacha i bhfabhar fodhuchtaithe an phláta aigéanaigh. Lúbann an pláta aigéanach agus dá bharr, de ghnáth, cruthaítear droim láraigéin nua, agus iompaítear an ródhuchtú go fodhuchtú.
    • Zóin nó criosanna oraigineacha a tarlaíonn nuair a bhualann dhá phláta ilchríochach lena chéile. Ag éirí as na fórsaí a chruthaítear, déantar sliabhraonta móra. Tugtar teorainneacha imbhuailte orthu freisin.
  • Limistéir theorainn phlátaí a tharlaíonn nuair a mheileann dhá phláta thar a chéile le gníomhaíocht choinbhéirseach nó dhibhéirseach teoranta amháin.


Teorainneacha dibhéirseacha plátaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léarscáil de theicteonaic phlátaí
  • Gleann na Claise Móire san Afraic Thoir.
  • Deighleann Droim an Atlantaigh Láir Pláta Mheiriceá Thuaidh agus Pláta Mheiriceá Theas san iarthar ón Phláta Eoráiseach agus Afracach san oirthear.
  • Droim atá ag leathadh go mall is ea an Droim Gakkel, atá suite ar an Aigéan Artach
  • Droim an Aigéin Chiúin Thoir, ata ag síneadh ón Aigéan Chiúin Theas go dtíMurascaill California
  • An Scoilt Baikal in oirthear na Rúise.
  • Scoilt Mara Rua
  • Scoilt Áidin ar feadh an gcósta ó dheas de Leithinis na hAraibe
  • Scoilt Carlsberg in oirthear an Aigéin Indiaigh
  • Scoilt Gorda amach ó chósta thiar Mheiriceá Thuaidh
  • Scoilt an Taiscéalaí amach ó chósta thiar Mheiriceá Thuaidh
  • Scoilt Juan de Fuca amach ó chósta thiar Mheiriceá Thuaidh
  • Scoilt na Sile ó oirdheisceart an Aigéin Chiúin

Teorainneacha coinbhéireasacha plátaí (crios fodhuchtaithe)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Criosanna oraigineacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teorainneacha imchoimeádacha[cuir in eagar | athraigh foinse]


Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Cumar triarach

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]