Lingua Franca Nova
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Lingua Franca Nova (Lingua Franca Nova) |
|
|---|---|
| Á labhairt: | ar fud an domhain |
| Réigiún: | - |
| Cainteoirí san Iomlán: | Meastar tuairim is 100 |
| Rang: | (Ní sa chéad 100) |
| Líne ghinealaigh: | Teanga shaorga a d'éirigh "nádúrtha" |
| Stádas Oifigiúil | |
| Teanga Oifigiúil: | Náisiún ar bith |
| Foras Pleanála Teanga: | |
| Cóid teangeolaíocha | |
| ISO 639-1 | |
| ISO 639-2 | |
| ISO 639-3 | lfn |
| Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha | |
Teanga chúnta a thionscnaigh an Dr C. George Boeree as Ollscoil Shippensburg, Pennsylvania, is ea í an Lingua Franca Nova. Tá stór focal na teangan bunaithe ar na teangacha Rómánsacha, Fraincis, Iodáilis, Portaingéilis, Spáinnis, agus Catalóinis. Sa bhliain 1998 a seoladh ar an idirlíon í. Bíonn gramadach na teangan an-laghdaithe, cosúil leis na Crióil Rómánsacha. Bíonn litriú fóinéimeacha aici, ag baint úsáide as 22 litreach as aibítir Laidineach nó Choireallach.