Linda Brown Buck

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Linda Buck

Bitheolaí a rugadh i Seattle, Washington ar an 29 Eanáir 1947 is ea Linda Brown Buck. Roinn sí Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/míochaine le Richard Axel sa bhliain 2004 as a saothar chun bunús móilíneach bolaidh a léiriú, na gabhdóirí próitéine bolaithe a fhionnadh, na géinte a chódaíonn na próitéiní seo a ionannú, agus na néaróga a bhailíonn is a phróiseálann an t-eolas seo a léiriú.