Liam Ó Néill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLiam Ó Néill
Beathaisnéis
Uachtarán Cumann Lúthchleas Gael
2012 – 2015
← Críostóir Ó CuanaAogán Ó Fearghail → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Muire Cnoc Beag Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpríomhoide Cuir in eagar ar Wikidata

Is uachtarán de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael é Liam Ó Néill. Is é an 37ú uachtarán a bhí ann. Tháinig sé i gcomharbacht ar Chríostóir Ó Cuana sa bhliain 2012 agus ba é an chéad uachtarán de chuid an chumainn sa ré reatha nach raibh éinne i gcomórtas leis. Athréimniú na hiomána a bhí ar cheann dá spriocanna mar uachtarán.

I dtoghchán na bliana 2008, bhailigh Ó Cuana níos mó ná leath na vótaí, ag fáil an ceann is fearr ar Liam Ó Néill agus Seán Ó Fógartaigh. Bhíodh Ó Néill mar chathaoirleach ar Chomhairle Laighean.

Tá Ó Néill ina phríomhoide ar Ghaelscoil i dTromaire ón mbliain 1981, ról a bhí ag a athair, Liam eile, leis ar feadh 40 bliain roimhe.