Lepenski Vir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Coilíneacht bheag réamhstairiúil d'fhiagaithe/iascairí/cnuasaitheoirí ar bhruacha na Danóibe ag Mám na nGeataí Iarainn sa tSeirb. Fuarthas 7 bpas cónaithe ann, agus suas le 136 foirgneamh ó timpeall 6500-5500 RC ó tosaíodh ar an tochailt sheandálaíoch i 1965. Go suntasach, fuarthas 53 dealbh gaineamhchloiche d'ainmhithe is daoine, cuid acu teibí agus cuid eile níos léirithe, an dealbhóireacht cuimhneacháin is ársa san Eoraip.