Leith uisce

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda beag ilbhliantúil feoiliteach ascaideach, dúchasach don leathsféar thuaidh agus sléibhte Mheiriceá Theas. Na duilleoga i gcnota, ubhchruthach, fillte isteach rud beag. Na bláthanna aonair ar ghas gan duilleog, démhaothánach sporach, bán, liathchorcra nó vialait. Gabhtar feithidí ar chumhdach greamaitheach na nduilleog, scuabtar iad d'imill na nduilleog ag an mbáisteach, filleann na himill sin, táltar einsímí díleáite orthu, ionsúitear na torthaí, agus ar deireadh osclaíonn na duilleoga arís.