Leigheas sean-aoise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is leigheas sean-aoisegeiriaitric (ón nGréigis γέρων nó geron a chiallaíonn seanfhear agus ιατρός nó iatros a chiallaíonn lia) ann ná an speisialtacht leighis a bhíonn ag plé le diagnóis agus cúram a thabhairt do ghalair éagsúla a bhaineann de dhaoine atá dulta in aois. I dtíortha an iarthair tá líon na seandaoine ag dul i méid ón mbliain 1990, agus leanfaidh an claonadh seo, rud a éilíonn is a éalóidh breis seirbhísí speisialta sláinte is sóisialta dóibh. Tá galair ar leith a chuireann isteach ar sheandaoine amháin, ach den chuid is mó fulaingíonn siad roinnt neamhord ainsealach ag an am céanna. Mar thoradh orthu seo, buaileann míchumais a laghdaíonn a n-ábaltacht cúram a thabhairt dóibh féin sa bhaile, agus mar sin is mó ná riamh an gá le seirbhísí cosúil le banaltraí ceantair, cabhair sa bhaile, agus béilí ar rothaí. Is gá lóistín institiúideach a sholáthar do sheandaoine nach féidir leo maireachtáil go neamhspleách sa bhaile. Baineann geiriaitric le staidéar ar an bpróiseas aoisithe freisin, a dtugtar seaneolaíocht air.

Féach Freisin[athraigh | edit source]