Leathadh is cúiréadadh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Mionobráid ghínéiceolaíoch a dhéantar chun cúiseanna neamhord míostraithe a iniúchadh, carcanóma na broinne a dhiagnóisiú, fiú siada beaga a bhaint. Úsáidtear ladar speisialta don ghnó, cúiréad (lúb le himeall géar ar cheann slaite agus an tslat mar chos an chúiréid). Leatar an ceirbheacs, cuirtear lúb an chúiréid isteach, agus scríobtar líneáil na broinne go breá bog. Déantar an fíochán a fhaightear mar seo a scrúdú le micreascóp chun an diagnóis a dhéanamh.