Leamhan geoiméadair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Leamhan beag nó meánach, go minic le sciatháin mhóra, daite go haisteach. Cuma ar na cruimheanna mar a bheadh craobhóga iontu, agus tugtar lúbairí orthu as a modh gluaiseachta, ag déanamh lúb mór leis an gcolainn, ag dul ar aghaidh leis na cosa tosaigh ar dtús agus ansin na cosa cúil. Timpeall 20,000 speiceas ann, ina measc lotnaidí suntasacha, an fhoich, an phéist orlaigh, agus leamhan an gheimhridh san aireamh.