Leachtchriostail

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ábhair orgánacha a bhíonn criostalta sa staid sholadach, páirtchriostalta (an staid leachtchriostalta) nuair a leáitear iad, agus ina bhfíorleachtanna nuair a théitear a thuilleadh iad. Bíonn tréithe treócha ag leachtchriostail, agus mar sin bíonn siad dé-athraonach. Is féidir a dtrédhearcacht optúil a laghdú trí réimsí leictreacha a chur i bhfeidhm orthu, agus saothraítear iad i dtaispeáint uaireadóirí, áiritheoirí, agus feistí leictreonacha eile, teilifíseáin ina measc.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Leachtchriostail". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 398.