Leabharlann Chathair Alastair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An leabharlann is mó anallód. I 332 RC chinn Alastar Mór a phríomhchathair a thógail. Lean Tolamaes I é, agus thóg an chéad ollscoil bhuan inti, le Leabharlann Chathair Alastair ag a croílár. Bhí 700,000 leabhar inti faoi dheireadh, agus matamaitic, réalteolaíocht, eolaíocht, is teicneolaíocht suntasach ann. I 47 AD chuir Iúl Caesar an Leabharlann trí thine mar chuid dá chogadh ionraithe le Cléópatra. Níos déanaí, ghoid Marcas Antaine leabharlann Phéargamas in iarthuaisceart na hÁise Bige chun Leabharlann Chathair Alastair a atógáil. I 389 d'ordaigh impire Críostúil an oirthir, Teodaisias, rudaí págánacha a scrios: rinneadh amhlaidh ar chuid mhór den leabharlann, agus dhúnmharaigh an slua na scoláirí págánacha istigh inti. Tógadh an beagán leabhar a sábháileadh go Cathair Chonstaintín. I 642 ghabh na hIoslamaigh an chathair sin, agus chríochnaigh scrios na seanleabhar seachas beagán díobh, 6 imleabhar d'Arithmetica (Uimhríocht) le Diafanas ina measc. Osclaíodh leabharlann nua i 2002 a tógadh ar láthair phalás Chléopatra, agus aidhm ag na húdaráis 5-8 milliún leabhar a bheith inti faoi 2020.