Leabharcheangal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ceangaltóir traidisiúnta i mbun a cheirde

Is éard is leabharcheangal ann ná teicníochtaí chun bileoga a cheangal ar feadh imill amháin agus cás a chur orthu chun leabhar nó coidéacs a tháirgeadh.

Roimh an 19ú céad, is de láimh a dhéantaí leabharcheangal, agus maireann an cheird i dtáirgeadh cóipeanna singile is eagrán daorluachach. Fuaitear bileoga aonair nó teascáin fhillte leathanach le snáithe timpeall ar chordaí a cheanglaítear le boird an chlúdaigh. Clúdaítear na boird is an droim le leathar nó éadach, agus stampáiltear teideal is eolas eile ar an droim is an clúdach tosaigh.

Sna próisis nua-aoiseacha, déantar gach ceann de na céimeanna seo go huathoibríoch. Ní bhaintear feidhm as na cordaí mar chuid den droim, agus den chuid is mó baintear feidhm as greamacháin in ionad snáithe. I gceangal leabhair faoi chlúdach bog, greamaítear boird éadroma timpeall ar an leabhar, atá ceangailte le greamachán cheana féin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Leabharcheangal". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 398.