Lapo Elkann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Iarcheannaire de roinn margaíochta ag an déantóir gluaisteáin Iodálach FIAT, tá Lapo Elkann ar cheann de na daoine is cáiliúla sa tír. Garmhac den bhrabúsaí Gianni Agnelli, tá clú air chomh maith ar an ábhar go bhfuil stíl speisialta feistithe aige. De réir é fhéin, tá meas mór aige ar a sheanathair. Caitheann sé éadaí a sheanathar agus cóipeálann sé a stíl. Tá cúpla gné áirithe ag baint le sin: caitheann sé a uaireadóir taobh amuigh dá chufa; ar na cufaí sin, tá bratach na hIodáile fite ann; agus fágann sé cufaí a chulaithe oscailte an t-am ar fad.